Tá A Dog’s Way Home bunaithe ar an leabhar a scríobh W. Bruce Cameron sa bhliain 2017. Is é Charles Martin Smith an stiúrthóir agus is iad Ashley Judd, Bryce Dallas Howard, Jonah Hauer-King, Edward James Olmos agus Alexandra Shipp na príomhaisteoirí sa scannán mothúchánach seo. Tá sé an-oiriúnach do gach saghas duine go háirithe do theaghlaigh.

Insíonn an scannán seo an scéal faoin madra, Bella, agus í ag dul ar thuras fada ag iarradh dul abhaile. Thánaig Lucas ar Bella i láithreán tógála agus tugann sé abhaile í. Tá an bheirt acu an-sásta ach tar éis tamaill, cuirtear cosc ar úinéireacht na dtairbhí-bhrocaire agus caithfidh Bella dul go stáit eile chun fanacht le teaghlach eile. Ní mó ná sásta atá Bella agus éalaíonn sí agus tugann sí a haghaidh abhaile.

Tá an scannán seo an-simplí agus níl sé deacair a leanúint. Ach ina theannta sin, tá sé an-mhothúchánach agus an-bhrónach mar léiríonn sé mothúcháin Bella agus í ag iarraidh a úinéir a fháil. É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an scannán seo foirfe do theaghlaigh agus is fiú é a fheiceáil, gan dabht ar bith.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin